Nóisin

De: Cian Mac Coisteala agus Sorcha Ní Rianach-Puirséil
  • Resumen

  • Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian & Sorcha agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn! Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!
    Cian Mac Coisteala agus Sorcha Ní Rianach-Puirséil
    Más Menos
Episodios
  • #21 Órnaith Ní Fhearghaill
    Sep 27 2024

    Goidé mar atá sibh a chairde? San eagrán seo, labhraíonn Sorcha s'againne leis an laoch Ornaith Ní Fhearghaill ó Dhún na nGall.

    Oibríonn Ornaith in earnáil na meán (le @raidiofailte) agus pléimid na deiseanna staidéara agus fostaíochta le Gaeilge - agus easpa deise i gcásanna áirithe!

    Bhaineamar fíor-thaitneamh as an gcomhrá seo ar eispéaras an mhic léinn, moltaí leabhar, agus tuilleadh! Tá dúshlán againn daoibhse chomh maith - bígí ag éisteacht go géar, seans gur leatsa an duais!

    Mar is gnách, é seo agus níos mó!

    Bígí linn :)

    Más Menos
    1 h y 11 m
  • #20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh
    May 1 2024

    Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh?

    Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh.

    Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas Choláiste Mhuire gan Smál agus muid ag taifeadadh beo ó stiúideo WIRED99.9FM. Mar sin, bheartaíomar dul ar thuras síos bóithrín na smaointe agus muid ag féachaint siar ar na blianta curtha dínn sa choláiste i dteannta cara linn, an ardfhear lách is suáilceach é féin, Jonathan Ó Caoimh.

    Ciarraíoch go smior is ea Jonathan agus thug sé faoin gcúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste mar aon le Sorcha, is ní féidir a shéanadh go bhfuil fíor-ghrá aige do theanga na Gaeilge.

    Leis na bhfear faiseanta seo, phléamar conas nuamhaisiú is nuálaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach a chothú di mar mhúinteoirí bunscoile. Anuas air sin, phléamar dúshláin na mac léinn le moilleadóireacht, foirfeachtachas agus andúil teicneolaíochta ina measc.

    Chríochnaíomar leis an gcluiche comhrá s'againne, 'Bua, Dua agus Madra Rua!', éistigí linn le fáil amach cad atá i gceist leis seo!

    Idir an dá linn, má bhaineann sibh sult as an bpodchraoladh agus má tá fonn oraibh cúnamh a thabhairt dúinn, le bhur dtoil fágaigí léirmheas cúig réalta dúinne, cibé áit a bhfaigheann sibh bhur bpodchraoltaí. Bheimis an-bhuíoch as ucht na tacaíochta!

    Mar is gnách, é seo agus níos mó!

    Bígí linn :)



    Más Menos
    52 m
  • #19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin
    Mar 10 2024

    Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as!

    Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu, Bláth na hÓige! Bígí cinnte éisteacht leis agus tacú leo!

    Ar an bpointe sin, bheartaíomar dul ar bhóithrín na smaointe agus comhrá le Máire Ní Churraoin a roinnt libh (leath den bhanna seo). De bharr fadhbanna teicneolaíochta, níl an comhrá seo cloiste agaibh go fóill ach tá Máire chomh spreagúil agus ionsparáideach 'is go bhfuil sé de dhualgas orainn é a roinnt libh!

    Tá fuinneamh iontach ag Máire agus í ag obair mar cheoltóir, cruthaitheoir, láithreoir teilifíse agus bíonn sí i mbun taistil go minic! An té a bhíonn siúlach, bíonn SÍ scéalach dar ndóigh!

    Sa chomhrá seo, labhraímid faoin mbanna ceoil agus a caidreamh lena deirfiúr Étáin, faoin tréimhse ama a chaith Máire i Valencia agus faoina taithí ag láithriú 'Teach Spraoi' ar Cúla4!

    Mar is gnách é seo agus níos mó!

    Bígí linn :)

    Más Menos
    50 m

Lo que los oyentes dicen sobre Nóisin

Calificaciones medias de los clientes

Reseñas - Selecciona las pestañas a continuación para cambiar el origen de las reseñas.