• Learn Irish with daily podcasts

  • By: V H
  • Podcast
Learn Irish with daily podcasts  By  cover art

Learn Irish with daily podcasts

By: V H
  • Summary

  • Short sentences with English translations
    Show more Show less
Episodes
  • 20240417_IRISH_os_cionn_200_gnothas_bia_dunta_o_thus_na_bliana_–_tuarascail_nua
    Apr 17 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29nmgwao Contact: irishlingos@gmail.com Over 200 food businesses closed since the start of the year - new report. Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua. Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association. Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann. The report claims that the country's economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business. Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá. Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report. Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála. In that one, it is said, 22 people lose their job on average. Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán. According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average. De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán. On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges. Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce. Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime. Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn. In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital. I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair. The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again. Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís. However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year. Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát. On the contrary, the association believes that the Department of Finance's saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes. Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia. The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers' rights. Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe. The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone changes to sick pay given the difficulty they are having to keep their businesses going . Tá sé ráite ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris go bhfuil sé báúil le lucht gnó sa mhéid sin ...
    Show more Show less
    15 mins
  • 20240415_IRISH_iosrael_le_dioltas_a_agairt_as_ionsaithe_na_hiaraine
    Apr 15 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar55r8m Contact: irishlingos@gmail.com Israel to sue for revenge for Iran's attacks. Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine. Israel's military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night. Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche. The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country. Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír. The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets. D'éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach. However, some managed to go head-to-head and cause damage. Mar sin féin d'éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh. It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl. Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d'aois ina measc. Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it. Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne. 'Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago' says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei. 'Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin' a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei. Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible. Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach. The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel. Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d'Iosrael. The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks. Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d'Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin. The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis. Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.
    Show more Show less
    9 mins
  • 20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain
    Apr 12 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29fafkmd Contact: irishlingos@gmail.com €3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way. €3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin. Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland. Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann. That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014. Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014. As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project's success so far. Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo. The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork. 2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí. Some of the country's most important heritage sites are included along the way - including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór. Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc. The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism 'fair' which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow. Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag 'aonach' turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach. Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies. Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    8 mins

What listeners say about Learn Irish with daily podcasts

Average customer ratings

Reviews - Please select the tabs below to change the source of reviews.