Episodes

  • 20240429_IRISH_cruinniu_idir_mcentee_agus_cleverley_curtha_ar_athla
    Apr 29 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dovgenf Contact: irishlingos@gmail.com Meeting between McEntee and Cleverley postponed. Cruinniú idir McEntee agus Cleverley curtha ar athlá. A planned meeting between Justice Minister Helen McEntee and British Home Affairs Secretary James Cleverly has been postponed. Tá cruinniú a bhí beartaithe idir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly curtha ar athlá. The two were to discuss the controversy about asylum seekers coming to Ireland from Britain but it is said that James Cleverly is busy with other affairs today. Bhí an bheirt leis an gconspóid faoi iarrthóirí tearmainn ag teacht go hÉirinn ón mBreatain a phlé ach deirtear go bhfuil James Cleverly gafa ag gnóthaí eile inniu. The Department of Justice has confirmed that the two will discuss the matter again soon. Tá sé dearbhaithe ag an an Roinn Dlí agus Cirt go bpléifidh an bheirt an scéal arís go luath. The story relates to the concern of the Irish Government that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom. Baineann an scéal leis an imní atá ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad. Legislation was passed in Britain last week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa. Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo caite faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice. The aim of the legislation is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France. Is é is aidhm don reachtaíocht imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc. Minister McEntee revealed last week that there had been an increase of over 80% in the number of migrants coming into the State from Northern Ireland and the British Prime Minister claimed that this showed that the new legislation although it had not yet been implemented. Thug an tAire McEntee le fios an tseachtain seo caite go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann agus mhaigh Príomh-Aire na Breataine gur léirigh sé sin go raibh rath cheana féin ar an reachtaíocht nua cé nach raibh sé curtha i bhfeidhm fós. In light of this crime in British immigration policy, the Irish Government is considering introducing legislation that would allow asylum seekers who have landed in Britain to be sent back there. I bhfianaise an choir seo i bpolasaí inimirce na Breataine, tá Rialtas na hÉireann ag breathnú ar reachtaíocht a thabhairt isteach faoina gceadófaí iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Bhreatain a chur ar ais ann. Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that Ireland would not provide a loophole for other countries struggling with the issue of immigration. Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris nach gcuirfeadh Éire bealach éalaithe ar fáil do thíortha eile atá ag streachailt le ceist na hinimirce. It is understood that Helen McEntee and James Cleverly are to discuss the Common Travel Area between Ireland and the United Kingdom with a view to "strengthening" it. Tuigtear go bhfuil Helen McEntee agus James Cleverly chun an Comhlimistéár Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a phlé le súil é a "neartú". According to that agreement, citizens of Ireland and the United Kingdom are allowed to travel without restriction between the two countries. De réir an chomhaontaithe sin, tá cead ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe taisteal gan srian idir an dá thír. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    11 mins
  • 20240426_IRISH_imni_ar_an_eigipt_go_mbrufar_palaistinigh_trasna_na_teorann
    Apr 26 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26lsnkv7 Contact: irishlingos@gmail.com Egypt worries that Palestinians will be pushed across the border. Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann. The Egyptian Government says it has no intention of allowing the Palestinian Israelis living in the southern Gaza city of Rafah to be pushed across the border when the Israeli Army makes a major invasion of the city as they have promised. Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu. The Israelis have said many times that they have vowed to launch an all-out invasion of Rafah and have been retaliating against it for several weeks. Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí. International leaders have asked the Israelis just as often not to go ahead with the invasion because of the damage that will certainly be done to the public. Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin. Not to mention the million people who lived in Rafah before the Israelis started waging war on Gaza last autumn, their refugee sauce has also been wedged into it since then. Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin. Despite what the Egyptians said today, they also indicated that they would have to cooperate with the Israeli military forces in terms of security since Rafah is located on the border with Egypt. In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt. It cannot be said, they said, that they will support the invasion. Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh. As per the Israeli plan to do so, it is reported that they have bought 40,000 tents with room for twelve in each, with the hope of housing civilians who will be evacuated from Rafah before the invasion. Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu. It seems that some of the tents have already been erected in the city of Khan Younis, five kilometers north of Rafah. Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah. If this is the case, the Israelis are determined to get as many civilians as possible out of Rafah before the invasion, it is estimated that they will not have made all their preparations for at least a month. Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    10 mins
  • 20240424_IRISH_iosraelaigh_tosaithe_ar_fheachtas_ur_fornirt_i_dtuaiscart_gaza
    Apr 24 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28hzobfb Contact: irishlingos@gmail.com Israelis have started a new campaign of force in northern Gaza. Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza. It appears that Israeli military forces have begun a fresh campaign of violence in Gaza after they heavily bombarded various parts of the Palestinian enclave yesterday. Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné. In that, the Israeli Army ordered civilians in four places in the city of Beit Lahiya in northern Gaza to leave their homes again because they were "in a dangerous war zone". Ina cheann sin, d'ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad "i gceantar cogaíochta contúirteach". The Israelis had previously pulled troops out of northern Gaza after, they said, defeating Hamas militants. Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas. In a statement, the Israeli Army said it intended to "confront – with the utmost force – terrorist infrastructure and insurgent gangs" in the area. I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu "aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach" sa cheantar. The statement also claimed that "the Israeli Army abides by international law and does its best to mitigate the harm caused to civilians (in war)". Maíodh sa ráiteas freisin "go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh (i gcogadh) a mhaolú". In addition to the fresh campaign in northern Gaza, Israeli forces reportedly fired missiles from jet planes and shells from tanks at centers in central and southern Gaza yesterday. Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné. According to people in those places the bombardment lasted almost twenty-four hours. Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche. It is also reported that no one was injured when the Palestinian Islamic Jihad group fired a rocket salvo from northern Gaza at two towns in southern Israel. Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael. Since the failure of talks held by international diplomats in Qatar and Egypt there is no more talk of a ceasefire in Gaza. Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza. It is indeed believed that the Israelis are preparing for a major invasion of the city of Rafah in the southern Gaza Strip after international leaders have asked them not to go ahead with it. Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis. Over 34,000 people have been killed and 77,000 people have been injured in Gaza since the Israelis started waging war on the place six and a half months ago. Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin. That is without taking into account the bodies hidden by the debris of the buildings demolished by the bombing. É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh d...
    Show more Show less
    13 mins
  • 20240420_IRISH_deanann_imeaglu_ar_pholaiteoiri_dochar_don_daonlathas
    Apr 20 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjb8gg2 Contact: irishlingos@gmail.com "Intimidation of politicians harms democracy". "Déanann imeaglú ar pholaiteoirí dochar don daonlathas". Threats and intimidation aimed at elected representatives are damaging to democracy, said the Minister for Integration, Roderic O'Gorman today, after a group of protestors gathered outside his home last night. Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O'Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir. They were wearing face coverings and carrying anti-immigration signs. Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith- inimirce á n-iompar acu. The Gardaí from Blancheir attended the scene, of which no one was arrested. D'fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine. "I want to thank the Gardai", Minister O'Gorman said today. "Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí", a dúirt an tAire O'Gorman inniu. "We have a strong tradition of democracy in this country. "Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo. Representatives are accountable to the public they serve. Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air. It's easy to contact us and give us feedback. Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn. There are debates and disagreements between us, sometimes. Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta. But respect is always shown. Ach léirítear meas i gcónaí. We place a high value on respect in this country; it is particularly valued by politicians. Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air. But intimidation of elected representatives will damage that relationship between representatives and their communities. Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail. And democracy will be damaged as a result." Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr." The Taoiseach, Simon Harris, indicated earlier today that he feels "uneasy" about the incident in front of Roderic O'Gorman's house yesterday. Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé "míshuaimneach" faoin eachtra os comhair theach Roderic O'Gorman inné. He said it was a frightening incident, one that would demoralize an elected representative. Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa. Justice Minister Helen McEntee said she had spoken to the Garda Commissioner about the "appalling" incident. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra "uafásach". In a statement on social media, she said the minister's "privacy and property rights" had been violated, "in a way that would shock anyone." I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh "sárú ar chearta príobháideachais agus maoine" an aire, "ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine."
    Show more Show less
    10 mins
  • 20240417_IRISH_os_cionn_200_gnothas_bia_dunta_o_thus_na_bliana_–_tuarascail_nua
    Apr 17 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29nmgwao Contact: irishlingos@gmail.com Over 200 food businesses closed since the start of the year - new report. Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua. Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association. Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann. The report claims that the country's economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business. Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá. Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report. Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála. In that one, it is said, 22 people lose their job on average. Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán. According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average. De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán. On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges. Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce. Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime. Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn. In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital. I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair. The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again. Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís. However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year. Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát. On the contrary, the association believes that the Department of Finance's saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes. Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia. The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers' rights. Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe. The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone changes to sick pay given the difficulty they are having to keep their businesses going . Tá sé ráite ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris go bhfuil sé báúil le lucht gnó sa mhéid sin ...
    Show more Show less
    15 mins
  • 20240415_IRISH_iosrael_le_dioltas_a_agairt_as_ionsaithe_na_hiaraine
    Apr 15 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar55r8m Contact: irishlingos@gmail.com Israel to sue for revenge for Iran's attacks. Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine. Israel's military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night. Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche. The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country. Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír. The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets. D'éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach. However, some managed to go head-to-head and cause damage. Mar sin féin d'éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh. It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl. Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d'aois ina measc. Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it. Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne. 'Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago' says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei. 'Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin' a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei. Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible. Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach. The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel. Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d'Iosrael. The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks. Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d'Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin. The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis. Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.
    Show more Show less
    9 mins
  • 20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain
    Apr 12 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29fafkmd Contact: irishlingos@gmail.com €3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way. €3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin. Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland. Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann. That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014. Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014. As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project's success so far. Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo. The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork. 2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí. Some of the country's most important heritage sites are included along the way - including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór. Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc. The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism 'fair' which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow. Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag 'aonach' turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach. Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies. Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    8 mins
  • 20240409_IRISH_simon_harris_le_toghadh_ina_thaoiseach_sa_dail_inniu
    Apr 9 2024
    jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cvbjnhn Contact: irishlingos@gmail.com Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today. Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu. Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today. Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu. Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach. Tá Simon Harris 37 bliain d'aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh. He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago. Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d'fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as. Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign. Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig. In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion. Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún. It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs. Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc. Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him. Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon. After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach. Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach. It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards. Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show more Show less
    8 mins