• Cé hiad? The who’s who in the European Elections
    May 23 2024
    Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Foclóir: Toghcheantar - constituency Canbhás - canvas Bruachbhaile - suburb Inimirce – immigration Stocaireacht - lobbying Iarrthóir - candidate Tithíocht - housing Fealsúnacht - philosophy Bileoga - leaflets Buille faoi thuairim - guess Go rialta - regularly Fear gnó - business man Ionadaíocht - representation Conspóideach - controversial Neamhspleách - independent Deighilt - division

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    20 mins
  • Iriseoirí under surveillance: Dleathach nó mídhleathach?
    May 17 2024
    Tháinig sé chun solais go raibh an PSNI ag déanamh monatóireacht ar thaifid ghutháin iriseoirí ar leith ó Thuaidh. Iriseoirí a bhí ag tógáil achrainn faoin fhórsa – de réir an fhórsa féin. Tá Ceardchumann na n-Iriseoirí, dlíodóirí agus anois – Amnesty International ag éileamh go mbeadh fiosrúchán ann maidir leis an PSNI a bheith ag déanamh faireachais ar iriseoirí. Labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming. Foclóir: Fórsaí slándála - security forces Spiaireadóireacht - spying Claonpháirteachas - Collusion Faireachas – surveillance Ag éileamh – demanding Ceardchumann – trade union Lámh in uachtar – the upper hand Cinsireacht – censorship Ball – member Dlíodóirí - lawyers Conspóideach - controversial Iachall a chur ar – to force

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    18 mins
  • Buamaí BhÁC / Mhuineacháin, 50 bliana ar aghaidh: ‘My mother didn’t deserve to die’
    May 15 2024
    Ar an 17ú Bealtaine 1974, réab trí phléascadh ollmhóra trí chroílár Bhaile Átha Cliath agus phléasc buama eile taobh amuigh de theach tábhairne i mBaile Mhuineacháin. 50 bliana ar aghaidh, labhraíonn Caoimhín Ó Lochlainn faoi na cuimhní atá aige faoina mháthair agus an troid ar son na fírinne. Foclóir: Réab - erupt Pléascán - blast Rabhadh - warning Go sonrach – in detail Eachtra - incident Sochraid - funeral Troscán - furniture Spiorad – spirit Coitianta - common Aird – attention Fiosrúchán - investigation Easpa – a lack of Feachtas – campaign Níos leithne - wider Níos doimhne – deeper Comóradh - commoration

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    19 mins
  • An Rúis agus 'disinformation': Tionchar ‘propaganda’ ar an saol mór
    May 8 2024
    Tá suíomh nua Gaeilge lonnaithe sa Rúis ach tá amhras ann gur iarracht lag ar bholscaireacht atá ann. Tá ‘An Rúis Inniu’ ar fáil ar an suíomh ‘Pravda-IE'’. Ach an féidir linn na scéalta atá á phlé a chreidiúint? Céard go díreach é an mífháisnéis? Ar cheart dúinn imní a bheith orainn anseo in Éirinn nó an é gur chóir léamh faoi dhearcadh na Rúise? Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Cathal Mac Coille agus Emmet Ryan Foclóir: Bréagfháisnéis - false information Bolscaireacht – propaganda Infheistíocht - investment Cinsireacht – censorship Slógadh - mobilization Doléite - illegible Paindéim - pandemic Dallamullóg - deception Dochar – harm Contráilte - incorrect Beochraoladh – live transmission Intleachtúil - intellectual Eagarthóir - editor Barraíocht - excess Seafóideach - farcical Ráflaí - rumours Mionlach – minority

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    20 mins
  • Imirce agus deportation: ‘Scéim Ruanda’ agus an bhaint atá aige le hÉirinn?
    May 3 2024
    Tá teannas polaitiúil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe arís is é inimirce is cúis leis. Maíonn rialtas na hÉireann go bhfuil an-chuid iarrthóirí tearmainn ag teacht isteach thar an teorainn agus go bhfuil an ceart ag Éirinn iad a chur ar ais arís. Tá an RA ag rá nach nglacfaidh siad leo agus gur fianaise é seo go bhfuil ‘Scéim Ruanda’ ag feidhmiú go maith. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Ursula Ní Shabhaois agus Amy Ní Riada Foclóir: Mídhleathach - illegal Ag lorg tearmann – seeking asylum Teifigh – refugees Dídeanaí - refugees Bagairt - threat Díspreagadh - deter Inimirce - immigration Dodhéanta - impossible Ualach - burden céasadh intinne – mental torture Deachtóir - dictator Daonlathach – democratic Is leochailí - most vulnerable An Chúirt Uachtarach - Supreme Court Cinedhíothú - Genocide Treibheanna - Tribes

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    19 mins
  • Killer Lucy Letby os comhair na cúirte arís in appeal bid
    Apr 24 2024
    Cúisíodh Lucy Letby i 2023 as seachtar leanbh a rugadh roimh am a dhúnmharú agus as iarrachtaí a dhéanamh seisear eile a mharú. Tharla na hionsaithe idir 2015 agus 2016. Tá Letby os comhair na cúirte agus í ag iarraidh achomhairc. Labhair Seachtain leis an iriseoir Emer Moreau faoin chás. Foclóir: Comharthaí – signs Aonad – unit Dé réir cosúlachtaí – by all appearances Ag dul amú – going wrong Láithreach – immediately Leathchúpla – one twin Athshlánú – resuscitate Nimhiú – poisoning Cárta comhbhróin – sympathy card Gan rabhadh – without warning Coireanna uafásacha – horrible crimes Gabh na póilíní uirthi – the police arrested her Imscrúdú – investigation

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    20 mins
  • Jeffrey Donaldson: Ruaille Buaille ar an Iúr agus iar-cheannaire an DUP sa chúirt agus éigniú curtha ina leith
    Apr 24 2024
    Tháinig Sir Jeffrey Donaldson agus a bhean an Bhantiarna Eleanor Donaldson os comhair Cúirt Dúiche an Iúir Dé Céadaoin. Labhair Seachtain le Liam Tunney, iriseoir leis an Belfast Telegraph, a bhí i láthair sa chúirt ar maidin. Foclóir: Cúiseamh - charge gníomh ró-mhígheanasach – gross indecency ionsaithe mhígheanasacha - indecent assault íospartaigh líomhnaithe – alleged victim Gearánach - complainant Éigniú - rape Líomhnaítear – it is alleged Toiligh – consent Meargánta - reckless

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    8 mins
  • Gaeltacht Housing crisis: ‘Sleeping in my van mar nach bhfuil lóistín agam’
    Apr 21 2024
    Deir aos óg na nGaeltachtaí go bhfuil siad á mbrú amach as na ceantair inár tógadh iad. De réir an ghrúpa feachtasaíochta BÁNÚ ní féidir le daoine óga teach a cheannach, teach a fháil ar cíos nó teach a thógáil mar gheall ar an easpa soláthar. Labhair Seachtain le Maitiú de Hál faoi na fadhbanna, na réitigh agus an tionchar ar mhuintir na háite. Host: Ciaran Dunbar Guest: Maitiú de Hál Foclóir: A chur ina luí - explain to people Ceap milleáin - scapegoat Sain-riachtanais – specific needs De hachmainn – within their resources Fíor shrianta – very restricted Seachadadh – delivery Sólathar - supply tithíocht inacmhainne – affordable housing A threisiú - to stengthen Dréacht treoirlínte - draft guidelines Séarachas - sewage Rialaithe – Governing Sáite - immersed in Ní raibh an dara rogha aici – she didn’t have a another choice Práinn - urgency

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show more Show less
    16 mins