• #16 Airneán le Cúán de Búrca

  • Feb 10 2024
  • Duración: 37 m
  • Podcast

#16 Airneán le Cúán de Búrca

  • Resumen

  • Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca.

    D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go fóill, bíonn Cúán iontach gníomhíoch ó thaobh an teanga de, go háirithe thuas i mBÁC, is bíonn neart tógraí a reachtáil aige i gClub an Chonradh ó Réabh is Craobh 1916 go dtí a chlár raidió féin Airneán le Raidió na Life (cuisle na cathrach) lena leathbhádóir James Shannon. 

    Faoi láthair na huaire áfach, tá Cúán ag obair le TG4 ar an scéim intéirneachta s'acu sa rannóg TradTG4 agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn faoin méid atá idir láimhe aige le gairid agus faoina thaithí mar Bhleá Cliathach ar seachrán in iarthar na Gaillimhe.

    Ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus tá sé iontach soiléir go bhfuil Cúán an cheanúil ar ár dteanga gleoite, go hiomlán faoi gheasa aici! Labhraíonn sé go neamhbhalbh faoin dúil so-aitheanta s'aige inti is an tábhacht shuntasach atá aici ina shaol féin, agus an luach a bhaineann léi dúinn uilig go háirithe ó thaobh ár n-oidhreacht is féiniúlacht mar Ghaeil.

    Mar is gnách, é seo agus níos mó!

    Dála an scéil, leannaigí @cuan.deburca, @airneanrnal agus @craobh1916 le níos mó eolais a fháil faoina rudaí uilig atá ar bun aige ar na mallaibh!

    Bígí linn :)


    Más Menos

Lo que los oyentes dicen sobre #16 Airneán le Cúán de Búrca

Calificaciones medias de los clientes

Reseñas - Selecciona las pestañas a continuación para cambiar el origen de las reseñas.